Más cainteoir líofa tú nó mura bhfuil agat ach cúpla focal, is é an bealach is fearr le feabhas a chur ar do chuid Gaeilge ná í a chleachtadh. Ní mór duit an Ghaeilge atá agat a úsáid go rialta lena chinntiú nach dtiocfaidh meirg uirthi agus nach ligfidh tú i ndearmad í.
Tá níos mó deiseanna ann anois ná mar a bhí riamh an Ghaeilge a úsáid. Tá caiféanna agus clubanna, nuachtáin agus irisí agus, ar ndoigh, grúpaí agus eagraíochtaí ann le deis a thabhairt duit cibé méid Gaeilge atá agat a úsáid.
Tapaigh an deis! Bíodh cappucino agat i dtimpeallacht Ghaeilge. Léigh an nuacht is déanaí sa nuachtán laethúil "Lá" nó déan freastal ar imeacht mar "Thráth na gCeist" i do chlub áitiúil Chumann Lúthchleas Gael. Cuirfidh sé iontas ort an feabhas a thiocfaidh ar do chuid Gaeilge taobh istigh d'achar gairid.

Priontáil