Skip Navigation | Accessibility Information | Site Search | Site Map
Gaeilge.ie Lógó Gaeilge.ie
Lógó Fhoras na Gaeilge
Foras na Gaeilge
tá tú anseo: baile / úsáid / réamhrá

Réamhrá | Introduction

Más cainteoir líofa tú nó mura bhfuil agat ach cúpla focal, is é an bealach is fearr le feabhas a chur ar do chuid Gaeilge ná í a chleachtadh. Ní mór duit an Ghaeilge atá agat a úsáid go rialta lena chinntiú nach dtiocfaidh meirg uirthi agus nach ligfidh tú i ndearmad í.

Tá níos mó deiseanna ann anois ná mar a bhí riamh an Ghaeilge a úsáid. Tá caiféanna agus clubanna, nuachtáin agus irisí agus, ar ndoigh, grúpaí agus eagraíochtaí ann le deis a thabhairt duit cibé méid Gaeilge atá agat a úsáid.

Tapaigh an deis! Bíodh cappucino agat i dtimpeallacht Ghaeilge. Léigh an nuacht is déanaí sa nuachtán Foinse nó déan freastal ar imeacht mar "Thráth na gCeist" i do chlub áitiúil Chumann Lúthchleas Gael. Cuirfidh sé iontas ort an feabhas a thiocfaidh ar do chuid Gaeilge taobh istigh d'achar gairid.

Imeachtaí is Coitianta

Seirbhís Éacúiméineach

Beidh Seirbhís Éacúiméineach ar siúl i mBaile Átha Cliath, á reáchtáil ag Cumann Gaelacha na hEaglaise ar 23/1/2009.

Imeachtaí is Déanaí

Ceolchoirm

Beidh Ceolchoirm ar siúl i mBaile Átha Cliath, á reáchtáil ag Gael Linn ar 27/1/2009.

Baile  |  An Ghaeilge  |  NASC  |  Úsáid  |  Eolaire  |  Teagmháil  |  Léarscáil an tSuímh  |  Cabhair  |  Inrochtaineacht