Skip Navigation | Navigate this Section  | Accessibility Information | Site Search/Site Map
Gaeilge.ie Lógó Gaeilge.ie
Lógó Fhoras na Gaeilge
Foras na Gaeilge
tá tú anseo:  baile / polasaí príobháideachais

Polasaí Príobháideachais | Privacy Policy

Gaeilge.ie - Tiomanta don Phríobháideachas

Tá an ráiteas príobháideachais seo leagtha amach ag Gaeilge.ie mar léiriú ar a thiomantas daingean don phríobháideachas.  Anseo thíos tá eolas faoi na gnásanna atá i bhfeidhm ag Gaeilge.ie maidir le bailiú agus scaipeadh eolais.

Is féidir le húsáideoir na suíomhanna gréasáin againn a rochtain agus roinnt de na seirbhísí a úsáid gan aon eolas a thabhairt.  Ar an lámh eile, áfach, chun úsáid a bhaint as seirbhísí ar líne nó seirbhísí iarrtha Gaeilge.ie ní mór do gach úsáideoir buneolas teagmhála agus deimeagrafach a sholáthar.  Ní chuireann muid an t-eolas sin ar fáil d’aon dream eile.

Ní leanann muid cosán brabhsála aon úsáideora taobh amuigh dár suíomhanna Gréasáin féin.

Eolas a bhailíonn Gaeilge.ie

Aighneachtaí Foirme / Seirbhísí Iarrtha:

Más mian le húsáideoirí teagmháil a dhéanamh le Gaeilge.ie maidir le táirgí agus seirbhísí, ní mór dóibh sonraí pearsanta a iontráil.  Is iad na seirbhísí dá bhfuil sonraí pearsanta ag teastáil:

  • Clárú linn
  • Teagmháil
  • Clár na nImeachtaí
  • NASC Fógraí Rangaithe
  • An tEolaire
  • Liostáil le liosta ríomhphoist Gaeilge.ie

De ghnáth is seoladh ríomhphoist agus ainm úsáideora an t-eolas atá ag teastáil má dhéanann úsáideoir teagmháil le Gaeilge.ie maidir le seirbhísí.  Nuair a dhéanann úsáideoir teagmháil linn maidir le seirbhísí is féidir leis/léi ‘seirbhísí iarrtha’ a roghnú chomh maith chun faisnéis/tairiscintí éagsúla de ríomhphost a iarraidh (féach Gnásanna Seirbhísí Iarrtha thíos).

Más roghanna ceannaigh ar líne atá i gceist ní mór d’úsáideoirí eolas airgeadais a sholáthar (uimhreacha cárta creidmheasa, mar shampla), agus eolas deimeagrafach (seoladh srl, mar shampla).  Is d’fhonn bille a chur amach chuig an úsáideoir, agus dá fhonn sin amháin, a úsáidtear aon eolas airgeadais a bhailítear.

Fianáin:

Ní bhíonn fianáin in úsáid ag Gaeilge.ie

Eolas Uathlogáilte:

Úsáideann muid do sheoladh IP, do ghníomhairí úsáideora logála UA agus do sheoladh tagarthach chun chuidiú linn diagnóis a dhéanamh ar dheacrachtaí a bhaineann leis an fhreastalaí againn, chun an suíomh Gréasáin a riar agus chun úsáideoirí uathúla a aithint.  Baintear úsáid as do sheoladh IP chomh maith chun eolas ginearálta deimeagrafach a bhailiú.  Ní chuireann muid an t-eolas sin ar fáil d’aon dream eile.

Coimisinéir Cosanta Sonraí na hÉireann:

Tá tuilleadh eolais faoi do chearta maidir le príobháideachas sonraí ar fáil ar shuíomh gréasáin An Choimisinéara Chosanta Sonraí. 

http://www.dataprivacy.ie/2htm#Your%20Rights 

Ríomhphost:

Ó am go chéile úsáideann Gaeilge.ie seoltaí ríomhpoist a bailíodh ó fhoirmeacha agus ó cheannaigh ar líne chun eolas a chur amach de ríomhphost chuig síntiúsóirí maidir le seirbhísí agus táirgí de chuid Gaeilge.ie.  Is féidir cur in iúl ar gach foirm gur mian leat tuilleadh eolais de ríomhphost ó Gaeilge.ie.

Naisc Sheachtracha:

Tá naisc le suíomhanna eile ar fáil ar an suíomh seo.  Níl Gaeilge.ie freagrach as cleachtais phríobháideachais ná as ábhar na suíomhanna seo.

Slándáil:

Tá bearta slándála i bhfeidhm ag an suíomh seo mar chosaint ar chailliúint, mhí-úsáid agus athrú eolais atá faoinár gcúram.  Faraor, ní féidir aon ráthaíocht a thabhairt go mbeidh sonraí a sheoltar ar an Idirlíon 100% slán.  Dá bhrí sin, cé go ndéanaimid gach dícheall lena chinntiú go mbeidh do shonraí pearsanta slán, ní féidir le Gaeilge.ie aon dearbhú ná ráthaíocht a thabhairt maidir le slándáil aon eolais a sheolann tú chugainn, táirgí ná seirbhísí ar líne.  Ar do phriacal féin atá sé.  Ón uair a fhaigheann muid do chuid sonraí, déanann muid gach dícheall lena chinntiú go mbeidh siad slán ar na córais againn. 

An NASC is Déanaí

Ciorcal Cómhrá

Beidh Ciorcal Cómhrá ar siúl i Sligeach á reáchtáil ag Diarmuid MacConville ar 9/1/2009.

Imeachtaí is Déanaí

Ceolchoirm

Beidh Ceolchoirm ar siúl i mBaile Átha Cliath, á reáchtáil ag Gael Linn ar 27/1/2009.

Iontrálacha is Déanaí

Gnó Mhaigh Eo

Cuireann Gnó Mhaigh Eo seirbhísí aistriúcháin, comhairleacha agus tacaíochta ar fáil do chomhlachtaí a bhfuil spéis acu an Ghaeilge a úsáid ina ngnó.

Baile  |  An Ghaeilge  |  NASC  |  Úsáid  |  Eolaire  |  Teagmháil  |  Léarscáil an tSuímh  |  Cabhair  |  Inrochtaineacht