Skip Navigation | Navigate this Section  | Accessibility Information | Site Search/Site Map
Gaeilge.ie Lógó Gaeilge.ie
Lógó Fhoras na Gaeilge
Foras na Gaeilge
tá tú anseo:  baile / cabhair

Cabhair | Help

Fáilte

Fáilte chuig suíomh gréasáin nua Fhoras na Gaeilge, Gaeilge.ie. Tugaimid cuireadh do gach duine teacht agus féachaint ar an áis nua iontach seo. Chomh maith leis sin tugaimid cuireadh daoibh clárú linn agus a bheith páirteach sa suíomh.

Aidhmeanna

Is áis iontach í Gaeilge.ie do dhaoine a bhfuil suim acu i ngné ar bith den Ghaeilge.

Is iad aidhmeanna shuíomh gréasáin nua Fhoras na Gaeilge ná:

  • Tobar lárnach eolais a chruthú ar an idirlíon faoi gach gné den Ghaeilge, idir ranganna, chúrsaí, ócáidí, srl.
  • Nasc a chruthú ar an suíomh seo do gach grúpa agus do gach eagraíocht Ghaeilge agus d’aon duine a bhfuil baint aige/aici leis an Ghaeilge.
  • Suíomh áisiúil a bheith ar fáil chun imeachtaí Gaeilge a fhógairt, ní amháin in Éirinn, ach ar fud an domhain chomh maith.

Spriocghrúpaí

  • Duine ar bith a bhfuil suim aige/aici sa Ghaeilge.
  • Foghlaimeoirí atá ag lorg eolais i dtaca le foghlaim agus úsáid na Gaeilge.
  • Daoine a bhfuil an Ghaeilge acu cheana féin agus atá ag lorg áite/deiseanna chun í a úsáid.
  • Daoine a bhíonn ag reáchtáil imeachtaí, ranganna agus ciorcal comhrá trí mheán na Gaeilge.
  • Daoine nó Comhlachtaí a dhéanann a ngnó, nó cuid dá ngnó, trí mheán na Gaeilge.

Na Buntáistí

Má chláraíonn tú le Gaeilge.ie beidh tú in ann fógraí faoi ócáidí atá á n-eagrú agat a chur ar chlár na nImeachtaí.  Lena chois sin beidh tú ábalta fógraí a chur san eolaire Fógraí Rangaithe ar an NASC. Agus beidh na daoine atá cláraithe in ann a gcuid eolais a nuashonrú san Eolaire.

Má chláraíonn tú linn beidh tú in ann foláirimh ríomhphoist a chruthú chun tú féin a choinneáil ar an eolas faoi fhógraí nó imeachtaí ábhartha.  Anuas air sin, beidh tú in ann fógraí suimiúla nó fógraí tábhachtacha a shábháil.
Beidh an suíomh seo an-áisiúil chun imeachtaí Gaeilge a reáchtáil agus a phoibliú.

Cad tá ann?

Chomh maith leis na hinnill tá ailt ann a thugann cur síos ar an teanga féin, ar an gcaoi agus ar an áit ar féidir í a úsáid. Clúdaíonn sé seo gach rud ó stair na teanga go dtí an áit is fearr chun béile a fháil trí mheán na Gaeilge. Is iad seo a leanas na teidil atá clúdaithe againn:

  • Stair
  • Inniu
  • An Ghaeltacht
  • Cúrsaí Féinteagaisc
  • Acmhainní Múinte
  • Na Meáin Ghaeilge
  • Cuideachta agus Comhluadar
  • Foras na Gaeilge

Má tá rud ar bith eile á lorg agat bain úsáid as na céadta nasc le grúpaí agus le comhlachtaí eile atá againn. Tá sé chomh simplí sin!

Na Príomhinnill

Chomh maith leis na hinnill chuardaigh tá 3 phríomhinneall ar Gaeilge.ie go dtí seo – Eolaire, NASC agus Imeachtaí. Tig le húsáideoir cláraithe ar bith na príomhinnill sin a úsáid. Is innill iad seo lenar féidir fógraíocht agus poiblíocht shaor in aisce a dhéanamh faoi imeachtaí, chúrsaí, chiorcail chomhrá agus chomhlachtaí/ghrúpaí.

An tEolaire

Cuirtear an tEolaire ar fáil do do dhaoine atá cláraithe Gaeilge.ie. Má chláraíonn daoine nó grúpaí le Gaeilge.ie tig leo sonraí gnó a chur san eolaí. Is féidir na nithe seo a leanas a iontráil ar Gaeilge.ie:

  • alt faoi do chomhlacht/do ghrúpa.
  • sonraí teagmhála.
  • nasc le do shuíomh féin.

Tig leat lógó do chomhlachta/ghrúpa a chur ar an suíomh chomh maith.

Cad is NASC ann?

Is é an rud atá i NASC ná seirbhís fógraí rangaithe. Is iad seo a leanas cuid de na gnéithe is suntasaí a bhaineann leis:

  • Tig leat brabhsáil ar na liostaithe.
  • Is féidir cúrsaí Gaeilge nó ciorcail chomhrá a lorg nó a fhógairt.
  • Tá sé simplí agus sciobtha. Níl le déanamh agat ach cúpla gliogáil a dhéanamh chun fógra a fheiceáil nó a chruthú.

Clár na nImeachtaí

Is cuma má tá tú líofa sa Ghaeilge nó muna bhfuil agat ach cúpla focal. Níl bealach is fearr le feabhas a chur ar do chuid Gaeilge ná í a chleachtadh, agus is é sin an fáth ar chuireamar Clár Imeachtaí ar fáil ar Gaeilge.ie. Anois más mian le duine páirt a ghlacadh in imeachtaí Gaeilge tig leis/léi eolas a fháil ar imeachtaí áitiúla.

Is féidir le daoine imeachtaí a fhógairt san inneall seo freisin.

Conas Gaeilge.ie a úsáid

Sa chuid seo gheobhaidh tú samplaí a thaispeánfaidh duit conas príomhinnill Gaeilge.ie a úsáid.

1. Clárú le Gaeilge.ie

Ní gá do dhuine a bheith ró-ríomheolach chun Gaeilge.ie a úsáid. Níl le déanamh agat ach na treoracha a leanúint. Ach, ar eagla na heagla, seo roinnt treoracha maidir le húsáid a bhaint as an suíomh seo:

  • Gliogáil ar an gcnaipe “Cláraigh linn”.
  • Líon isteach na boscaí uile.
  • Lean na treoracha.

Comh héasca sin!!

Ná déan dearmad go gcaithfidh tú bheith cláraithe chun fógraí a chur suas.

2. An tEolaire

Abair anois gur roghnaigh tú an t-ainm úsáideora Síle nuair a chláraigh tú linn, agus MacGabhann2 mar phasfhocal.

Léigh anois na treoracha maidir leis an gcaoi ar cheart duit an tEolaire a úsáid.

  • Is é Síle d’ainm úsáideora.
  • Is é MacGabhann2 do phasfhocal.
  • Gliogáil ar Logáil isteach.
  • Gliogáil ar m’Eolaire ag barr an scáileáin (mura bhfuil tú logáilte isteach cheana féin).
  • Gliogáil ar Féach ar m’Eolaire.
  • Chun an t-eolas seo a athrú gliogáil ar Cuir M’Fhógra in Eagar.
  • Gliogáil ar Cuir M’Fhógra in Eagar.
  • Lean na treoracha.

3. NASC

Déan cinnte go bhfuil tú logáilte isteach sula n-úsáideann tú an t-inneall seo. Istigh anseo gheobhaidh tú eolas faoin gcaoi ar cheart duit fógraí saor in aisce a chruthú agus rang nó ciorcal comhrá atá á lorg agat a aimsiú.

  • Gliogáil ar Mo NASC.
  • Anois gliogáil ar Cuir suas fógra nó
  • Gliogáil ar an saghas fógra ar mhaith leat a chruthú (Ciorcail Chomhrá/Cúrsaí Gaeilge atá á lorg/á dtairiscint).
  • Lean na treoracha.
  • Is féidir leat cuardach a dhéanamh sa chuid seo freisin. Níl le déanamh agat ach gliogáil ar Cuardaigh!!!

Tá sé beagáinín ró-éasca!!!

4. Imeachtaí

Tá an smaoineamh beagnach mar an gcéanna anseo. Ach, sula ndéanfaidh tú rud ar bith eile bí cinnte go bhfuil tú logáilte isteach más mian leat fógraí a chur suas.

  • Gliogáil ar m’Imeachtaí.
  • Gliogáil ar Cuir Fógra Suas.
  • Lean na treoracha.
  • Is féidir leat cuardach a dhéanamh sa chuid seo freisin. Níl le déanamh agat ach gliogáil ar Cuardaigh!!!

An NASC is Déanaí

Cúrsa Gaeilge

Beidh Cúrsa Gaeilge ar siúl i mBaile Átha Cliath á reáchtáil ag Organised by ar 8/12/2008.

Imeachtaí is Déanaí

Ciorcail Comhrá

Beidh Ciorcail Comhrá ar siúl sa Mhí, á reáchtáil ag Comhairle Chontae Mhaigh Eo ar 4/12/2008.

Iontrálacha is Déanaí

Cuilinn Engineering Ltd

Comhaireoirí Meicniúla agus Leitreacha agus Innealtóirí Próisis

Baile  |  An Ghaeilge  |  NASC  |  Úsáid  |  Eolaire  |  Teagmháil  |  Léarscáil an tSuímh  |  Cabhair  |  Inrochtaineacht