GLEO 2008 / 2009
Gaeilge Labhartha san Earnáil Oideachais
Cuireann Foras na Gaeilge fáilte roimh aon bhunscoil nó iarbhunscoil ar an oileán ina bhfuil an Béarla mar mheán teagaisc agus a mhúineann an Ghaeilge, cur isteach ar an scéim GLEO.
Is í aidhm na scéime ná aitheantas a thabhairt do shárchleachtas i leith chur chun cinn na Gaeilge labhartha i mbunscoileanna agus in iarbhunscoileanna ar oileán na hÉireann.
Cuirfear fáilte ar leith roimh iarratais ó scoileanna i gceantair faoi mhíbhuntáiste a dhéanann dul chun cinn suntasach le linn na scoilbhliana maidir le cur chun cinn na Gaeilge labhartha.
Tá gradam aitheantais de €3,000 / £2,000 stg. ar fáil do dhá bhunscoil agus d’iarbhunscoil amháin as gach ceann de shé réigiún - €1,750 / £1,200 stg. d’áiseanna Gaeilge don scoil agus €1,250 / £800 stg. le tacú le tograí nó le himeachtaí a chabhróidh le cur chun cinn na Gaeilge labhartha ar fud na scoile.
| Réigiún A | Tuaisceart na hÉireann |
| Réigiún B | Dún na nGall, Liatroim, Sligeach, Maigh Eo, Longfort, Ros Comáin |
| Réigiún C | Gaillimh, , An Clár, Corcaigh, Ciarraí, Luimneach, Tiobraid Árann |
| Réigiún D | Cabhán, Muineachán, Lú , An Mhí, An Iarmhí |
| Réigiún E | BÁC, Cill Dara, Cill Mhantáin, |
| Réigiún F | Ceatharlach, Laois, Uíbh Fhailí, Cill Chainnigh, Port Láirge, Loch Garman |
Le foirm iarratais a fháil, is féidir
- An fhoirm a íoslódáil anseo, nó
- Dul i dteagmháil linn ag an seoladh thíos.
GLEO
Foras na Gaeilge
7 Cearnóg Mhuirfean
BÁC 2
Fón: + 353 1 639 8400
r/phost: oideachas@forasnagaeilge.ie
Is é 1.00, Dé hAoine, 28 Samhain 2008 an spriocdháta le haghaidh iarratas.
