Skip Navigation | Navigate this Section  | Accessibility Information | Site Search/Site Map
Gaeilge.ie Lógó Gaeilge.ie
Lógó Fhoras na Gaeilge
Foras na Gaeilge
tá tú anseo: baile / inrochtaineacht

Inrochtaineacht | Accessibility

Eolas Faoi Inrochtaineacht

Tá gach iarracht déanta chun an suíomh seo a leagan amach le go mbeidh sé inrochtana ag cách, beag beann ar chumas.  Thíos anseo tugtar eolas faoi leagan amach an tsuímh, agus faoin dóigh leis na gnéithe inrochtana aige a úsáid.

Leagan Amach an tSuímh

Tá príomhrannóga an tsuímh seo le feiceáil ag barr gach leathanaigh.  Is iad teidil na rannóg seo An Ghaeilge, Foghlaim, Úsáid, Foras na Gaeilge.  Is féidir nascleanúint a dhéanamh trí na rannóga seo ach dul chuig an roghchlár a bhíonn ag bun agus ag barr an scáileáin nuair a théann tú isteach ar na leathanaigh seo.

Bíonn ábhar na bpríomhrannóg le feiceáil ar thaobh na láimhe clé den scáileán.

Is féidir nascleanúint a dhéanamh chomh maith trí 'Léarscáil an tSuímh' a úsáid. 

Naisc Aicearra

Más léitheoir scáileáin atá in úsáid agat (JAWS mar shampla) tabharfar "Scipeáil Nascleanúint" mar rogha duit (agus rachaidh tú díreach chuig an ábhar), breathnaigh Eolas faoi Inrochtaineacht (an leathanach seo) nó breathnaigh leathanach 'Léarscáil an tSuímh'.

Noda Inrochtaineachta

Tá gach iarracht déanta chun an suíomh seo a leagan amach le go mbeidh sé inrochtana ag cách, beag beann ar chumas.  Beidh na noda seo a leanas mar chuidiú agat chun an tairbhe is fearr a bhaint as an suíomh:

  • Ainneoin gur féidir an suíomh seo a bhreathnú trí bhrabhsálaí nó ghléas Idirlín ar bith is fearr an chuma atá air ach ceann a úsáid atá in oiriúint do chaighdeáin ghréasáin an World Wide Web Consortium (W3C), is é sin le rá na daoine siúd a chruthaigh an Gréasán an chéad lá riamh.  Cruthaigh an W3C na caighdeáin sin le gur fearr a d’fheidhmeodh an Gréasán do chách. Bíonn brabhsálaithe nua in oiriúint do na caighdeáin W3C seo, de ghnáth.  A mhalairt atá amhlaidh maidir le seanbhrabhsálaithe.
  • Chun an téacs a mhéadú i Windows Explorer 5+, roghnaigh View > Text Size > Larger > Largest.
  • Chun an téacs a mhéadú i Netscape 6+, roghnaigh View > Text Size > Larger nó brúigh Ctrl++.
  • Chun an téacs a mhéadú i Netscape 4, roghnaigh View > Increase Font nó brúigh Ctrl+]. Tabhair ar aird: rachaidh méadú téacs i bhfeidhm ar leagan amach an leathanaigh.
  • Tógadh an suíomh seo de réir chaighdeáin an WA1 AAA.  Chun nascleanúint a dhéanamh ar an suíomh seo, agus roghchláir, táblaí agus foirmeacha san áireamh, cloígh leis na gnásanna atá leagtha síos sna caighdeáin seo.

An NASC is Déanaí

Ciorcal Cómhrá

Beidh Ciorcal Cómhrá ar siúl i mBaile Átha Cliath á reáchtáil ag An Ionad Buail Isteach ar 21/8/2008.

Imeachtaí is Déanaí

Féile

Beidh Féile ar siúl i Maigh Eo, á reáchtáil ag Comhairle Chontae Mhaigh Eo ar 24/8/2008.

Iontrálacha is Déanaí

Coláiste Íde

Is é Coláiste Íde an t-aon mheánscoil chónaithe lánGhaelach seacht lá do chailíní in Éirinn. Tá an scoil suite i measc na gcrann ar bhruach na farraige i gcroílár Ghaeltacht Chorca Dhuibhne i gContae ...

Baile  |  An Ghaeilge  |  NASC  |  Úsáid  |  Eolaire  |  Teagmháil  |  Léarscáil an tSuímh  |  Cabhair  |  Inrochtaineacht