Nuair a smaoiníonn daoine ar fhoghlaim na Gaeilge is í an íomhá a bhíonn acu go minic ná seomra ranga, clár dubh, cailc srl. Ach ní mar sin atá sé anois. Tá go leor bealaí difriúla ar féidir le daoine an Ghaeilge a fhoghlaim:
- is féidir tabhairt faoi chúrsaí i suíomh ranga nó faoi chúrsa Gaeltachta;
- is féidir tabhairt faoi cheann de na cúrsaí féinteagaisc atá ar fáil ar téip, ar dlúthdhiosca, nó ar CD-Rom nó
- is féidir ranganna a dhéanamh ar an Idirlíon.
Má d'fhoghlaim tú Gaeilge ar scoil gach seans go bhfuil i bhfad níos mó ar eolas agat ná mar a mheasann tú. Coinnigh an misneach! Ná déan talamh slán de gur "tosaitheoir" tú murab amhlaidh atá an scéal. Lig don eagraíocht atá ag soláthar an chúrsa cabhrú leat do leibhéal cumais a aimsiú. Tá dua ag baint le foghlaim agus is gá tabhairt fúithi ar bhealach atá réalaíoch agus tuiscint a bheith agat ar a bhfuil tógtha agat ort féin. Cibé rogha a dhéanfaidh tú, beidh an méid a fhoghlaimeoidh tú nó a fheabhsóidh tú ag brath ar an méid oibre a bheas tú sásta a dhéanamh. Is éard atá anseo ná treoir bheag ar na bealaí éagsúla ar féidir le daoine an Ghaeilge a fhoghlaim. Chomh maith leis sin tá cur síos ann ar ghnéithe áirithe den Ghaeilge sa chóras oideachais, mar shampla an Réamhscolaíocht, an Ghaelscolaíocht agus an Ghaeilge ag an tríú leibhéal.

Priontáil