Tá an Ghaeilge ar cheann de na teangacha scríofa is sine agus is stairiúla ar domhan. Chonacthas í den chéad uair i bhfoirm OGHAIM sa cheathrú haois. Sa lá atá inniu ann is féidir teacht uirthi i suas le 4,500 leabhar, ar an teilifís, ar an raidió, i nuachtáin, in irisí, agus ar an Idirlíon. Sa rannóg seo gheobhaidh tú eolas ar stair na teanga agus ar cá háit a labhraítear í.

Priontáil