Tá Foras na Gaeilge ag soláthar maoiniú meaitseála d'Fhiontair Mheánmhéide agus Bheaga (SMEs) tríd an dá scéim atá sonraithe thíosluaite. Is féidir an tacaíocht seo a fháil ach sonraí do chomhlachta agus meastachán na gcostas a chur leis an fhoirm chuí agus iad a sheoladh chuig:
aseoighe@forasnagaeilge.ie
nó tríd an phostas:
Áine Seoighe, Foras na Gaeilge, 7 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2
Treoir maidir le húsáid na Comharthaíochta Gaeilge/ Dátheangaí
Comharthaíocht Sheachtrach Ghaeilge / Dhátheangach - í á cur in oiriúint do do ghnó:
- Clúdaítear comharthaíocht nua-dhéanta nó athdhearadh ar chomharthaíocht reatha.
- I measc na samplaí, tá Comharthaí d'Aghaidheanna Siopaí; Comharthaíocht ar Fheithiclí Gnó; Comharthaí Seachtracha Treocha srl.
- Cinntítear úsáid na Gaeilge agus an Bhéarla ar aon chomhartha amháin (seachas dhá chomhartha éagsúla). Is é seo an cleachtas is fearr, é níos éifeachtaí ó thaobh costais de, agus gan cead pleanála sa bhreis de dhíth air.. Ní gá ainm branda na cuideachta a aistriú. Tá sé mar aidhm ag an gcúnamh seo cur le branda do sheirbhíse/ do tháirgí reatha trí úsáid chomhlántach na Gaeilge.
- Cinntítear go n-aistrítear an téacs eile ar fad ar an gcomhartha go Gaeilge. Tá sé seo tábhachtach chun éifeacht iomlán a bhaint as an dátheangachas agus uathúlacht an chomhartha á cur in iúl.
- Bá chóir go mbeadh an téacs Béarla agus an téacs Gaeilge ar chomhmhéid. D'fhéadfaí cur le héifeachtacht an téacs trí chlófhoirne agus dathanna éagsúla a úsáid.
- D'fhéadfadh do dhearthóir/ scríbhneoir comharthaí teagmháil a dhéanamh le Foras na Gaeilge chun cabhair saor in aisce a fháil maidir le téacs/ aistriúcháin Ghaeilge.
Treoir maidir le húsáid Ábhar Gaeilge/ Dátheangach
Ábhair Ghaeilge / Dhátheangacha - iad á gcur in oiriúint do do ghnó:
- Clúdaítear ábhar nua-dhéanta nó athdhearadh ar ábhar reatha.
- San áireamh tá ábhair Aitheantais Chorparáidigh (lógónna, brandáil ghinearálta, cinn litreach, scripteanna ríomhphoist, cártaí gnó, meabhráin, admhálacha, sonraisc, fógraí HR, foilseacháin, bileoga cumhdaigh .i. facs agus ríomhphoist, srl); Suíomhanna Gréasáin, Pacáistiú (ainmníocht táirgí, lipéadú, dearadh, srl); Comharthaíocht Inmheánach (comharthaí treocha, comharthaí sláinte agus slándála, uath-thaispeáintí ar an láthair, taispeántaí scipéad airgid, srl); Ábhair Fógraíochta (seastáin taispeántais, bróisiúir, póstaeir, paimfléid, bileoga, srl).
- Ní gá ainm branda na cuideachta a aistriú. Tá sé mar aidhm ag an gcúnamh seo cur le branda do sheirbhíse/ do bhranda reatha trí úsáid chomhlántach na Gaeilge.
- Go hiondúil cuirtear an Béarla agus an Ghaeilge le hais a chéile ar an ábhar céanna, nó cuirtear an Béarla ar thaobh amháin agus an Ghaeilge ar an taobh eile de dhoiciméad. Is é seo an cleachtas is fearr, é níos éifeachtaí ó thaobh costais de, agus ní gá go mbeadh doiciméid oibriúcháin á gcóipeáil.
- Ba chóir d'iarratasóirí a chinntiú go léirítear an téacs dátheangach ar fad go cothrom.
- D'fhéadfadh do dhearthóir/ scríbhneoir comharthaí teagmháil a dhéanamh le Foras na Gaeilge chun cabhair saor in aisce a fháil maidir le téacs/ aistriúcháin Ghaeilge agus dearadh leagan amach dátheangach.

Print